Para aquella noche en Belén,
será el renombre bajo el sol para siempre.
Para aquella noche en Belén,
en la que vino el Verbo, salud.
Don oíche úd i mBeithil,
beidh tagairt ar ghrian go deo.
Don oíche úd i mBeithil,
go dtáinig an Briathar slán.
Tá gríosghrua ar spéartha,
's an talamh 'na chlúdach bán.
Féach Íosagán sa chliabhán,
's an Mhaighdean á dhiúl le grá.
Ar leacain lom an tsléibhe,
go nglacann na haoirí scáth.
Nuair in oscailt gheal na spéire,
tá teachtaire Dé ar fáil.
Céad glóir anois don Athair,
i bhFlaitheasa thuas go hard.
Is feasta fós ar talamh,
d'fheara, dea-mhéin síocháin.
Don oíche úd i mBeithil,
beidh tagairt ar ghrian go deo.
Don oíche úd i mBeithil,
go dtáinig an Briathar slán.
Tá gríosghrua ar spéartha,
's an talamh 'na chlúdach bán.
Féach íosagán sa chliabhán,
's an Mhaighdean á dhiúl le grá.